Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)

Suíomh:
An Teampall Geal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Liam Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 73

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 73

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 73
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)
  5. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá lios in aice mo thig-se.

    Tá lios in aice mo thig-se. Bhí fear ina chónaí gairid don lios fadó. Michil Ealaidhe an ainm a bhí air an bhfear sin. Fear an-spórtiúil ba eadh an fear seo agus bhíodh sé amuigh gach oíche go déanach. Bhí sé ag teacht abhaile ar a dó dheag a chlog an oíche seo. Nuair a bhí sé ag gabháil thar an lios d'airigh sé ceol bog binn íseal. Bhí sé comh bog sin go gcuireadh sé id codladh thú. Shuí sé síos ar an gclaidhe ag éisteacht leis an ceol. Níorbh fhada gur thit sé ina codladh. Níor dhúisigh sé go dtí an maidin ina dhiaidh sin. Nuair a dhúisigh sé bhí sé sínte i lár páirce cúig agus trí fichid míle ó bhaile. Siúl sé abhaile agus chuaidh sé agus caith sé é féin sa leaba. Fuair sé bás an oíche sin. Deirtear gur nimh a thug na síóga do nuair a bhí sé ina codladh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Tá líos gairid do mo thig.

    Tá lios gairid do mo thig. Tá sé i lár coill. Deirtear go bhfuil seomraí fé thalamh ann. Tá slí chun dul síos ann ach níl fhios ag éinne cá bhfuil an slí sin. Deirtear go bhfuil staighre ag dul síos go dtí na seomraí. Níl aon crann ag fás ann ach tá féir. Tá claidhe timpeall air. Tá sé cruinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.