Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 391
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Láirge le tuircithe. Ní raibh aon chlog aici agus ní raibh fhios aici den t-am a bhí sé.
D'airigh sí an choileach ag glaoch agus shíl sí gurbhí an naidin a bhí ann.
Fuair sí an t-asal agus bhí sí ag imeacht léithe agus chonaic sí fear ar mhuin capaill agus is sagart a bhí ann. D'fhiafraigh sí de den t-am a bhí sé. Dúirt sé go raibh sé dá bhuile déag san oíche. Thug an sagart cros di agus dúirt sé ná bheadh sí go maith go bhfágfadh an cros a láimh. Dúirt sé léithe dul laistigh den asal. Chuaidh sí isteach agus ní raibh i bhfad ann nuair a tháinigh slua mór daoine.
Nuair a bhíodar imithe d'imigh sí léithe agus dúirt sí ná bheadh sí amuigh comh déanach go deó arís. - Bhí fear agus garsún ann fadó agus bhíodar ag obair ag feirmeoir. Bhíodh an garsún ag imeacht ag imirt cártaí gach aon oíche.
Dúirt an fear go gcuirfeadh sé eagla air.
Fuair sé braithlín bán agus chuaidh sé go dtí an scrapa an áit a bhíodh an buachaill ag teacht amach. Chuir sé an braitlín air agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Móinbhéal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge