Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 372
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suain mar sin ionnach d'fhanfá id codladh ar feadh seachtaine.
Rith sí timpeall do na comharsan ansan agus dúirt sí leo go raibh a fear bocht tar éis bháis. Shocruigheadh suas é agus deineadh é thórramh. Bhí dhá oíche thórraimh air agus na comharsan go léir bailithe dun tórramh.
Tháinigh lá na sochraide. Bhí an t-sochraid imithe nuair a tháinigh bean an bheidhleadóra isteach ina thig féin. Bhí an bheidhleadóir ina codladh.
"Ansan atá tú" arsa sí leis "agus an táilliúr bocht á chur"
"Seadh, an táilliúr!" arsa sé.
"Seadh, an táilliúr" arsa sí. "Ba chinnte dhuit éirí as san" arsa sí "agus mairseál an bháis a d'imirt dó".
"Fan go gcuirfidh mé mo chuid éadaigh orm" arsa sé.
"Tá tú alright" arsa sí. "Chorraig ort go mear nó beidh an t-sochraid imithe ort".
Rug sí in áirde ar chúl air agus streach sí amach as an leaba é agus dúirt sí leis cur de.
Rug sé ar a bheidhlín agus gan air acha léine agus chuir sé dhe. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé a teacht suas leis an socgraid.
Nuair a chonaic luach na sochraide é leagadar an coifín anuas ar claidhe an bhóthair agus theicheadar.
Nuair a tháinigh an bheidhleadóir suas suidh sé ar a'(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Bruadair
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge