Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 371
- XML “An Gobán Saor agus A Mhac”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An trighú la chuadar chún bóthair, agus nuair a bhí stiall mhaith den bhóthar curtha díobh, Giorraigh an bóthar dhúinn a mhic, arsan Gobán aríst,
Thosnuig an mac ar sheana ráiméis éigint agus dh'imthighear leo ar an gcuma san agus gan focal as an nGobán gur shroiseadar an áit a raibh a dtriall. - Chuaidh triúr ban a bailiú bórthán lá. Bean bheidhleadóra, bean táilliúra agus bean gréasaí. Fuair bean an gréasaí ding óir a dul amú.
"Leath i bpáirt leat" arsa bean an táilliúra.
"Leath i bpáirt leat" arsa bean an bheidhleadóra.
Sé an rud a dheineadar ná an scéal a fhágaint sé'n gceud duine a buailfeadh an tslí a shocrú eatortha.
Duine uasal an chéad duine a gaibh an bóthar.
D'inniseadar an scéal dó agus sé'n slí a shocraigh sé sin an scéal ná an ding go léir a fhágaint ag an mbean a dhéanfadh an t-amadán is mó dá fear.
Bhí sin go maith is ní raibh go holc.
Chuadar abhaile ansan agus chuir bean an táilliúra biorán suain sa táilliúr. Thit sé ina codladh ar a neomat dearg. Tár agus nuair a chuirfí biorán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Bruadair
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge