Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)
- Suíomh:
- Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mac Conghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa currac agus d'imtigh siad leo. Ce gur thug an Draoi an mac dó níor mhaith leis é a leigint uaidh mar bhí a lár draoideachta Fogluimhthe ag an mac uaidh. Bhí triúir inguin ag an Draoi agus lean siad an currac i bhfuirm ceithre seabach.
Nuair a bhí sé ag dul go cruaidh ar an mac d'athruigh sé é féin go fuirm eascon agus leim sé sa bhfairrge. D'athruigh na seabaich go fuirm muca mhara agus lean siad é. Nuair a bhí siad ag cur ró-chruaidh aríst air léim sé ó'n uisge agus rinne sé seabhach dó féin agus bhí ar na h-ingine filleadh abhaile.
Annsin tháinig na fir air i bhfuirm iolar agus bhí siad an gar dó nuair a thainig se go caisleán. D'imtigh se síos tríd an seimléir agus bhí bean deas, ingean an ríogh ins an seomra roimhe. Thásbain sé é fein di agus d'innis se a sgéal dí. Thuit sí i ngrádh leis ar an bpoinnte.
"Anois", ars seisean, "Tiocfaid dáréag go dtí an caisleán seo agus déanfaidh siad rud ar bith dod athair acht an fáinne a bhéas ar do mhéar a fhaighailt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann