Scoil: Béal Dearg (uimhir rolla 11582)
- Suíomh:
- Béal Deirg Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mac Conghamhna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Dearg
- XML Leathanach 441
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Níl aon ainm fe leith air)(Sgéal é seo a fuair mé ó Micheál O Réagáin an seanchaidhe Béal Dearg Beag)
Bhí rí ann uair amháin agus an lá seo d'éírigh sé amach ag bailiú cíosa agus thárluigh sé isteach i dteach in a raibh bean seolta. D'fan an rí gur rugadh an leanbh agus mac breágh a bhí ann. Chuaidh an rí amach agus bhain sé fios as na réalta agus cuiread in iúil dó go bpósfadh an buachaill óg a ingean féin. Níor thaithnigh sé sin leis an Ríogh.Chuaidh sé isteach arís agus dubhairt sé le fear a' tighe go dtógfad sé feín an mac leis mar theastuigh sé uaidh. Cé nach raibh tuismightheóirí an leinbh sásta b'éigin dóibh géilleadh don righ agus an mac a leigint leis. D'imthigh an Rí agus fuair sé bosca agus chuir sé an gasúr og isteach ann agus chaith sé amach san abhainn é. Aba mór a bhí ann agus scuab an sruth an bosca leis síos le fánaidh.Tháluigh go raibh táilliúir thíos ag an abainn an lá céadna agus chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Réagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal Deirg Beag, Co. Mhaigh Eo