Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 100
- XML “Cur an tSíl”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Le linn an Earraigh a cuirtear an síol sna guirt agus 'sna gairdíní. Nuair bhíonn deire treabtha agus fuirsighthe ag an bhfeirméoir leasuigheann sé an talamh. Aoileach nó súpar a bhíonn mar leasughadh aige.Cuirtear an coirce ar dtúis. Gheibheann an sioladíar sean-mhála agus deineann sé sórt aprúin de. Siubhlann sé síos suas an gort agus scaipeann sé síol 'na thimcheall. Leanann fear eile é le bráca chun an síol a chlúdach leis an gré. Ritheann sé an t-iompáchán air annsin agus cuireann sé sin bhárr deas cothrom ar an ngort.Cuirtear na fataí san Earrach freisin. Deintear an gardha le ráinn ar dtúis. Nuair a bhíonn na fataí le cur gearrtar iad le scín ar dtúis chun sciollan a dhéanamh dhíobh. Deineann gach práta dá sciollán. I ndriollaí a cuirtear na prataí. Deintear na driollai ar fuaid an ghuirt agus caithtear an leasughadh sna claiseannaibh (?) eatortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)