Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 451
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)11. Deirtear nuair a thuiteann aithinne amach as an teine go mbíonn sidheóg ag teacht chun an doruis.
12. Ní ceart a bheith ag troid ag imirt cártaí. Deirtear gurb iad na sidheóga a chuireann troid ar bun.
13. Deirtear go mbíonn na sidheóa i simléar nuair a bhíonn deatach ann le iad féin a théiteadh.
14. Nuair a bhí teine lasta i dteach san oidhche go mbíonn teine eile lasta amuigh ag na sidheógaibh ar bhárr an tighe.
15. Nuair caithtear amach cearc mharbh deirtear go n-itheann na sidheóga an feoil.
16. Nuair a bhíonn daoinne ag cainnt le chéile istigh i dteach san oidhche deirtear go mbíonn na sidheóga ag éisteacht. 1. Sorcha Ní Maoldomnaigh
2. Tip. an Éisc
3. 80- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo