Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “An Feilméar agus A Cheathracha Punt”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháin chuaid fear ó Éirinn go Sasana ag lorg oibre. Thug feilméar obair dó. Bhí neart fear ag obair sa bhfeilm seo. B'é deireadh an Fóghmhair a bhí ann. Bhí an aimsir te go leór agus bhí gach fear ag obair go cruaidh ag sábháilt na mbarrai.
    Lá amháin tháinig an dúil san ól ag fear aca agus híl sé gur mhaith an rud dul go dtí an siopa agus buidéal uisge betha a cheannach. Ní raibh aon airgead aige agus ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé. Sa deireadh (?) chuimhnigh sé ar rud eicínt a dhéanamh. Céard a rinne sé acht imtheacht go dtí an gcruach mhór fhéir a bhí ag an bhfeilméar agus tosnú ar é a leagadh. Níorbh fhada dhó ag gabháil do'n obair so nuair a gaibh an feilméar an treó. "Cé'n fáth a bhfuil tú ag leagadh na cruaiche sin" ars' an feilméar. "Táim creachta" ars an sclábhuidhe "Chaill mé mo sparán san bhféar agus bhí ceathrachadh punt ann. "Tair anuas" ars an feilméar agus nuair a bheidh mé ag tarraingt na cruaiche abhaile geóbhaidh mé an sparán agus tabharfaidh mé duit é. "Ó ars an fear "ní rachaidh mé abhaile anocht go bhfuighidh mé é" "Tair anuas" ars an feilméar, go feargach. "Tiocfaidh mé anuas"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Paidín
    Inscne
    Fireann