Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bochtán ann fadó agus ní raibh áit ar bith aige lé chomhnuidhe ann. Tráthnóna amháin tháinigh sé go dtí an baile seo ag iarraidh Lóistín. Ní raibh áit le na chur suas an oidche sin acht sa deireadh fuair sé teach amháin. Nuair a tháinig sé go dtí an teach sin bhí fáilte mór ag fear an tighe roimhe. "Tar isteach" ar sise "is dócha gur duine go bhochtái Dé thú. Tháinig an bochtán isteach agus shuidh sé síos ar stól ag a dteine. Thug bean an tighe a shuipéar dhó agus rinne sí leabaidh dó ins an gclúid. Chuaidh páistí an tighe a codhladh ina leabthacha féin. Annsin dubhairt fear an-tighe leis an mbochtán dul a chodhladh agus a phiadreacha a rádh.
Rinne sé mar a dubhradh leis agus chodail sé go sámh. Ar maidin lá ar na bhárach d'éirigh fear an tighe go moch agus chuaidh se i gcionn a chuid oibre. Timcheall a deich a chlog ghlaoidh sé isteach chonnaic sé go raibh an bóchtán i na codhladh go fóill. Ní dubhairt fear an tighe focal go dtí go raibh an breicfeasta itthe aige. Annsan labhair sé "Éirigh as sin" ar sise "tá sé in am agat bheith ag dul do bheala agus ar seiseann lé na mhnaoi "ná leig uait é gan breicfeast maith a thabhairt do."
D'éirigh fear an tighe annsan lé dhul ag iasgaireacht. Nuair a chonnaic an bochtán ag imtheacht uaid é, "Beannacht dílis Dé leat" ar siesean "agus mo bheannacht-sa chómh maith," Tá mé sásta do bhárr na h-oidhche seo agus ta grá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Riobárd Ó Néileán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo