Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 287
- XML “An Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mo mháthair an t-im amach le n-a lámha nó le dhá chláirín uaireannta agus cuireann sí salann air. An bainne deiridh abhíos ag an mbó sin é an climirt agus caitheann sí isteach as sáspan isteach sa gcroca é gan an t-uachtar abhaint de go mór-mhór sa ngeimhreadh nuair nach mbíónn mórán bainne againn. Bainne géar a tugtar ar an mbainne abhíónns fágtha tar-éis an t-im abhaint de agus cuireann muid san arán é. Uair amháín nó dó a dhéanann muid an maistreadh sa samhradh agus anois agus arís sa ngeimhreadh.Má thigeann strainséaraigh isteach níl sé ceart aige dul amach arís gan greim a bhreith ar cos na loithne agus cúpla bhuille a bhuaileadh. Is ceart dó ag tigheacht isteach dó Bail ó Dhia a chur ar an obair. Tá go leor pisreóga eile faoi'n maistreadh san áít. ó Na Páístí Uilig