Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chapaill. Tháínig Muinntir Muingnabó ar an áit. Sgaoil siad an capall ar an dtaobh thall agus chuir treasna agus annsin chuaidh siad fhéin faoi'n gcárr agus tug tre'n tuile é go dtí an taobh eile. Bhí an bhean uasal chomh buidheach sin do na fir bhochta seo gur thug sí gealleamhaint dóibh go gcuirfeadh sí droichead ann go luath. Fuair sí bás go luath ina dhiaidh sin ach má fuair féin chomhlion a fear an geallamhaint agus tóigeadh "Droichead Annie Brady" agus sheas sé go dtí le goirid.An bóthar ata ó bharr-thrágha go dtí an caladh sa Ros Dumhach Bothar Mineadh é, agus sé an tighearna talmhan abhí sa Ros Dumhach afuair déanta é; agus chuile dhuine abhí ag obair ann bhí cárta mineadh ag dul dho in aghaidh chuile dhuine abhí ina dhiaidh sa teach.Tá go leor carn chloc ar thaobhanna na mbóthar sa cheanntar áiteacha a fuarthas daoine marbh ná áiteacha a leagadh an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann