Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 172
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)7. Molt mór dubh teann istigh idir dhá ghleann. Nuair a bhogann an molt mór dubh teann bogann an dhá ghleann.
Asal & Pardóga air.
8. Cailleach sa chluid bior ina súil & í ag utamáil.
Túirne
9. Tá teach beag agam féin & ní shuidhfeadh an luch ann & ní comhaireóchadh abhfuil sa mbaile mór an méid fuinneóga atá ann.
Méaracán
10. Cén rud atá níos duibhe ná'n fiadhach dubh.
A chuid clumhach féin
11. Tobairín fior uisge ar fior bhárr an t-sléibhe
Fuinneoigín gloine is doras cré air Súil.
12. Cnap saille faoi bhun coille & gan aon easna ann
Seilmide.
13. Choinneóchainn i mo ghlaic é & ní sheasfadh sé ar chlár chómhra - Uibh(leanann ar an chéad leathanach eile)