Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)

Suíomh:
Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Rusgaigh (2) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0108, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ach beirt chailleach agus gabhar an duine leo. Tugadh ‘Aonach an Dá Chailleach’ ar an aonach áirithe sin, agus tá daoine sa gceantar fós a bhfuil cuimhne mhaith acu ar an lá sin. Muintir Beatty as Manainn a bhailíodh an custam. Cónaíonn a sliocht i mBaile Átha Cliath anois.

Is é an Tiarna Díolún a bhí i gceannas an cheantair seo. I Londain Shasana is mó a chónaigh sé ach tháinig sé anseo ó am go ham. Tuairim is ocht mbliana tríochad ó shin is ea a cheannaigh an rialtas an talamh ón tiarna talún seo. Ba é Charles Strickland an príomhstiúrthóir a bhí ag an Díolúnach sa gceantar seo agus i Loch Glinne a chónaigh sé. Bhí Hussey agus Jackson mar fhostiúrthóirí aige. D’íocadh na tionóntaí an cíos le Hussey i mBéal Átha hAmhnais, agus uaireanta bhailítí an cíos le haghaidh an Tiarna Díolún i dteach Mhic Cárthaigh [=Carty’s] anseo i gCnoc Mhuire. Bhí cíos trom ar na daoine an t-am sin. Daoine nach bhfuil ach seacht nó ocht scilling de chíos orthu anois, bhíodh idir ceithre phunt agus cúig phunt le díol acu an t-am sin.
Bhí Muintir Dhíolúin ina dtiarnaí talún ó chianaibh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge