School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Rusgaigh (2) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

ach beirt chailleach agus gabhar an duine leo. Tugadh ‘Aonach an Dá Chailleach’ ar an aonach áirithe sin, agus tá daoine sa gceantar fós a bhfuil cuimhne mhaith acu ar an lá sin. Muintir Beatty as Manainn a bhailíodh an custam. Cónaíonn a sliocht i mBaile Átha Cliath anois.

'Sé Tighearna Dioluín a bhí i gceannas an cheanntair seo. I Lonnduin Shasana is mó chomhnuigh sé ach tháinig sé annso ó am go h-am. Tuairim is ocht mbliana tríochadh ó shoin 'seadh cheannuigh an Rialtas an talamh ó'n tighearna talmhan seo. B'é Charles Strickland an príomh-stiúrthóir a bhí ag an Diolúnach sa gceanntar seo, agus i Loch Glinne a chomhnuigh sé. Bhí Hussey agus Jackson mar fó-stiurthóirí aige. D'íocadh na tionóintí an cíos le Hussey i mBéal Átha h-Amhnais agus uaireannta bailightí an cíos le h-aghaidh an Tighearna Diolúin i dteach Chárthaigh annso i gCnoc Mhuire. Bhí cíos trom ar na daoine an t-am sin. Daoine nach bhfuil ach 7 nó 8 sgillinge de chíos ortha anois, bhíodh idir ceithre púnt agus cúig púnt le díol aca an t-am sin. Bhí muinntir Diolúin in a dtighearnaí talmhan ó chianaibh

(continues on next page)
Language
Irish