Scoil: Rusgaigh (2) (uimhir rolla 10949)
- Suíomh:
- Rúscaigh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chorraidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seo – an Tiarna Díolún – a thugtaí an t-airgead go léir a bhailítí sa tslí seo. Réal an chairt a d’íoctaí mar chustam ar na bainbh, ceithre phingin ar bhó agus scilling ar chapall (uair ar bith a bhí capall le díol, agus b’annamh é sin). Na díoltóirí a d’íoc an custam i gcónaí, agus tá an nós céanna ann fós.
Bhíodh go leor puball ar pháirc an aonaigh agus ar thaobh an bhóthair lá a mbíodh aonach ar siúl sa gCnoc. Sna pubaill seo bhíodh rud le n-ithe agus le n-ól le fáil ag lucht an aonaigh. Leann, leann dubh, uisce beatha agus poitín na deochanna meisciúla a bhíodh á ndíol, agus duine ar bith nach raibh dúil san ól aige b’fhéidir leis muga tae nó bainne nó anraith a fháil saor go leor. Bean Uí Ghoillí as Balla, Bean Nic Artúir agus Bean Hill as Clár Chlainne Mhuiris agus Bean Uí Ruáin as Coillte Mach is mó a bhíodh ann le pubaill. Chualas trácht freisin ar sheanbhean eile a thagadh ann ó Choillte Mach agus lán dhá chléibhe de mhairteoil is de chaoireoil aici ar mhuin asail. ‘Máire na nAsal’ an leasainm a bhí uirthi, agus ní heol d’éinne dá maireann anois cad é an t-ainm nó an sloinne a bhí uirthi. Ar chuma ar bith, bhíodh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)