School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rusgaigh (2)
  2. XML Page 120
  3. XML “Aontaí sa gCeantar Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    seo – an Tiarna Díolún – a thugtaí an t-airgead go léir a bhailítí sa tslí seo. Réal an chairt a d’íoctaí mar chustam ar na bainbh, ceithre phingin ar bhó agus scilling ar chapall (uair ar bith a bhí capall le díol, agus b’annamh é sin). Na díoltóirí a d’íoc an custam i gcónaí, agus tá an nós céanna ann fós.
    Bhíodh go leor puball ar pháirc an aonaigh agus ar thaobh an bhóthair lá a mbíodh aonach ar siúl sa gCnoc. Sna pubaill seo bhíodh rud le n-ithe agus le n-ól le fáil ag lucht an aonaigh. Leann, leann dubh, uisce beatha agus poitín na deochanna meisciúla a bhíodh á ndíol, agus duine ar bith nach raibh dúil san ól aige b’fhéidir leis muga tae nó bainne nó anraith a fháil saor go leor. Bean Uí Ghoillí as Balla, Bean Nic Artúir agus Bean Hill as Clár Chlainne Mhuiris agus Bean Uí Ruáin as Coillte Mach is mó a bhíodh ann le pubaill. Chualas trácht freisin ar sheanbhean eile a thagadh ann ó Choillte Mach agus lán dhá chléibhe de mhairteoil is de chaoireoil aici ar mhuin asail. ‘Máire na nAsal’ an leasainm a bhí uirthi, agus ní heol d’éinne dá maireann anois cad é an t-ainm nó an sloinne a bhí uirthi. Ar chuma ar bith, bhíodh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish