Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Araid an Bhraoinín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Airid An Bhraoinín
    Airid a chur Muire faoi shuilibh a Mic ar bhruth ar bhraoinín ar chalg ar chaithnín ar dhusta bothair, ná ar ghreamhar móna ar sgealb de chloich, ar sgealb de chrann ar fhionn nó ar at, tarraigh a Colm Chille agus tabhair an anachan leat.
    Tar-éis an paidir seo a rádh abairsea tracht [ abair seacht] bpaidir seacht n-Aibhe Máire agus cré in onóir Do Dhia agus do Mhuire agus do righ an Domhnaigh mhiorbhuilte le biseach agus foirthín a thabhairt do’n té a bhfuiltear a deanamh na h-airideacht seo do.
    Roimhe nó tar eis an phaidir lion do bhéal le h-uisge. Caith amach an t-uisge as do bhéal agus más dusta ná deanach atá in do shúil chifidh tú é ins an uisge a’ chaithtear amach. Is féidir an airid seo a dheanamh aon lá de’n t-seachtmhain acht deirtear go mbionn sé i bhfad níos éifeachtaighe é a dheanamh Diardaoin roimh luighe na gréine. Geobhann fear déanta na h-airide íocaidheacht éigin cúpla
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
          1. leigheasanna ar ghalair ar dhaoine
            1. súile tinne (~94)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Maoilearca
    Inscne
    Fireann