Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Teach Chaoin (B.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an leónadh é go bhfuigheadh an leónadh biseach. Snáithe leónta tugtaí ar an snáth seo. Go minic nuair nach mbíonn an snáithe leónta le fághail beirti greim ar an mball leónta agus le gach tarraingt a bainti as d’abruigheadh an duine a bheadh ghá tharraingt “An leon é seo”? Ní headh acht gortughadh a deireadh an duine tinn. “Caith i bpoll móna a deireann an duine a bhionn ghá tharraingt”. Deantar é seo tri huaire i ndiaidh a chéile agus deirtear go bhfághann an leónadh biseach annsin.
“Sailíní siar”- seo má bhionn sálaí móra ort agus iad ag dul siar an fhada nó gan iad a bheith cothróm síos le do cholpaibh.