Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)speisealta i coir na gcapall.
- Naomh Pátrún A Cheanntar
Sé naomh Iarflaith pátríún an fhaire [?] agus sé naomh Micheál pátrúin an pharáiste, Bhí naomh Cholmáin ina chomhnuidhe i Muigheo na Sacsan agus as sin a thainig sé go Teach Chaoin agus chuir sémainistir ar bun annsin, Tá fathrache na mainistreach annsin go foil. Deirtear go raibh Naomh Pádhraic sa gceanntar se oar a bhealach ó thuaidh, Ar chaoi ar bith ta tobar i nGarbhloch ar a dtugtar Tobar Phádhraic. Sgathamh maith o shoin tugtaí turais ar an tobar seo acht ligeadh ar gcúl é mar gheall ar nach mbiodh na daoine sáthach duthrachtach agus iad ann. Deirtear freisin nuair a d’fhag Naomh Cholmáin Teach Chaoin go dtáinig mná riaghalta ‘un na h-áite agus go rabhadar ina gcomhnuidhe sa sean mhainistir.
Deirtear go bhfuil bóithrí ag dul o(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann