Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Teach Chaoin (B.) | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

seo go foil go speiséalta ag na sean daoine.
Gaibhneacht. – Deantaí spaid no ráimhínní, geataí, céachtaí, drolanna, crochanna, táirní capaill agus go leór rudaí eile in Ath-Énna fada. Sé Padhraic Ó Coillearain an t-ainm a bhí ar an bhfear a dhéanadh iad.
Sníomhachán. – Tá sean tuirní olann go fós sa gceanntar seo. Tá ceann ag bean Sheáin Uí Dubháin agus Bean Sheáin Uí Mhaolaithche. Tá an bheirt bhan seo ina gcomhnaidhe i gCláirín agus déanann siad usáid de na túirnibh go foil. Tá an Gaedhealg go liomhtha ag an mbeirt bhan go foill.

Posaidhthe.
Pósann na daoine a bhíonn le pósadh san Inid sa gceanntar seo. Ní phósann daoine sa mBealtaine mar deirtear go bhfuil an mhí seo mí rathmhar. Oichdhe h-Inide bíonn feóil, cácaí déanta as fataí agus plúr agus m.s. ubhaí, oráistí agus milseáin aca ar an suipéar. Deirtear go mbeidh siad mí fhortunach i rith na bliadhna mar a mbidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Séamus Ó Maoilearca
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge