Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 173
- XML “Lucht Siúil”
- XML “Ráthanna agus Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad buideal sean éadaigh agus aon rud eile a gheibheann siad.
2 Myers. Tinncéirí. Téigheann cuid aca thart ar rothair agus bíonn an cuid eile ag siubhail no ar chairteanna. Diolann siad earraidhe beaga agus cruinnuigheann siad dáirc.
3 Muinntear Uí Suibhne – Tinncéirí. As an áit seo a muinntir ach comhnuigheann siad féin i gCo. Na Gaillimhe. Oibrigheann siad ag rudaí eile thar tinncéireacht m.s. ag glanadh tíghthe beaga ag[us]rl.
4 Na Bairéadaigh – Cruinnuigheann siad seo buidéal, díolann siad asail, agus sean chapaill. Deanann siad cleasa nirt agus ealadhain ar aonaigh agus ar mhargaidh.
5 Tomas Mac Nioclás – Caitheann sé an geomhreadh i detach na mbocht agus cruinnuigheann sé déirc ar feadh an tsamhraidh. - Lios no Fóirtín. Tá lios an mhór ar ghabhaltas Gearóid Uí Ainmnigh i gCeathramh Móir. Ta an lios seo cruinn agus tá crainn ag fás ar imeall an liosa. Tá sé an árd agus tá claidhe deanta thart air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann