Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)

Suíomh:
Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Séamus Ó Maoilearca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0096, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níl aon poll no uaimh ina lár acht creidtear sa gcomharsanacht go bhfuil. Ní fhaca aon duine an tsídheóg ann acht creidtear go bhfuilid ann.
    Lios no Fóirtín i dtalamh Mhichil Uí Conghaile i gCláirín. Ta an ceann seo cruinn agus tuim ag fás thart air. Ta bearna idir na tuim. Ta an lár cothrom. Ta lios eile i mBaile Glas. Sa lios cruinn seo tá crainn ag fás thart air agus crainn ina lár. Tá poll i lár an liosa agus is féidir dul síos ann agus a dul faoi thalamh timcheall mile agus a thaecht suas arís. Ta daoine beo go foil a chuala caoineadh istigh ann ins an oidhche. Ta daoine ina mbeathaidh fós a chonnaic carbad ag teacht amach as an lios seo. Bhí dha chapall faoi agus soillse ar an gcarbad. Rinne sé an oiread sin gleo gur cheap muinntear an tighe go dtuiteadh an teach. Tamall gear ina dhiaidh sin d’fhág muinntear an tíghe an teach. Ta lios eile ar thalamh Mhichil Uí Choisdealaigh i nGarbhlach. Tá claidhe thart an lios seo agus tá crainn ag fás ar an gclaidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Maoilearca
    Inscne
    Fireann