School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 7
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuirfidh mise geall go gcoinneochaidh mé gréim ar a rubhall imbárach agus nuair a racas an bho isteach rachaidh mise isteach fosta.
Lá thar na bharach d’éirigh Michéal go luath agus ar shiubhal leis arais. Achán áit a rachadh an bhó rit an lae rachadh séisean fosta. Bhí go maith go dtí go dtháinig an bho fhád leis an ardán agus thug sí trí léim agus isteach léite agus Michéal na diaidh. Shaoil Micheal gur ins na Flaithis a bhí sé. Chualaidh sé an ceol a ba deise a mhothuigh sé ariamh. Bhí na mílte daoine beaga ann, chuid acu ag ceól, cuid acu ag damhsa agus chuid acu ag seinm ar fhidil. Shiubhal an bho leití go dtháinig sí fhad le stáca mór agus sheas sí annsin. Rith bean anoir le canna agus stól beag agus nuair a chonnaic sí Michéal dubhairt sí “Ma léiginn tú duinn an bhó sin a bhligh bheirfidh mise airtigeal beag duit a dheanfheas chuid mhór mine duit, ach ma innsigheann tú do’n dhuine é ní dheanfaidh sé mine ar bit duit. (ach ma). Bhlighe an t-seanbhean an bhó agus thug sí an t-airtigeal do Mhicheal. Ach bhí rud eiginteacht greamuighthe do’n staca agus thug Micheal leis cuid do ina phoca ach ní rabh fhíos ag an t-sean bhean seo. Chuaidh Micheal na bhaile ach níor innis sé fa’n rud a tharlaidh do’n(continues on next page)- Collector
- Maighread Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Gráinne Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal