Scoil: Árd Cróna

Suíomh:
Anagaire, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 6

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 6

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Cróna
  2. XML Leathanach 6
  3. XML “Oíche Shamhna”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí sean lanamhain ann uair amháin darb’ ainm Máire agus Micheal. Ní rabh acu acht bó amháin bainne acht bó an mhaith a bhí inntí mar go dtabhairfeadh sí chuid mhór bainne daobhtha achán lá. Oidhche amháin dubhairt Máire le Michéal go rabh an bho ag éirghe beag sa bhainne acht sin a rabh de. Bhíodh braon maith aici ar maidín ach ní rabh mórán aicí san oidhche. Dubhairt Micheal leis a bhean cibe bhí teacht ar an bhó gur amuigh a bhí sé ag teacht uirtí agus go rabh séisean ag gabhail amach lá thar na bharach agus go gcoinneochadh sé a shúil uirthí. D’éirigh Micheal bocht go luath lá thar na bharach agus ar shiubhal leis go dtí an cnóch. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc nuair a tháinig an bho fhád le ardán mór a bhí sa cnóch thug sí trí léim agus d’fosgail an t-ardán agus chuaidh an bho isteach. Bhí Michéal bocht amuigh agus é ag caitheamh a phíopa. Fa ceann tamaill tháinig an bhó amach arais agus thiomain Michéal abhaile í.
    Ní rabh mórán bainne ag an bhó an oidhche sin acht oiread agus arsa Michéal, “Bhal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Gráinne Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Donegal