School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an sean-reilig i gCill Rosannta tá fothrach séipéil ann. Níor cruithíodh i gceart cad é an aois atá ann ach tá leacht sa reilig agus an dáta 1745 ann. I lár na reilige tá saghas pluaise, mar uaig mór agus cláre ós a cionn. Pluais Valentine a tugtar aurthi. Is mó scéaltan truaigh-mhealacha a ministear mar gheall ar An Gorta agus an pluais seo. Na daoine go raibh an fiabhras aca, cuireadh as tighthe iad agus thugadar aghaidh ar an bpoll san. Is minic a d'airigh mo shean-mháthair a rá go minic a thugadh sí corcán praiseach agus bainne nua go dtí an claoidhe ar aghaidh na pluaise agus go gcuirfeadh sí ar an gclaoidhe iad mar bia dos na bocht. Do dheinidís lámhachán ansan i dtreo an bídh mar ní raibh an neart ionnta siúl a dhéanamh. Do théigeadh an sagart ann go minic ag cur an ola déanach ortha agus níor ghlac sé an fiabhar cé gur fuaireadar bás in a scoraibh ann.
Beagáinín taobh theas den reilig tá trí tobair naomhtha ann, ceann(continues on next page)