School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhíodh aontaithe ar siúl ins na h-áiteanna seo leanas seo go dtí triocha blian ó shoin : Sráid Bhaile, i mBaile Nua agus i mBaile Cirróig. Dhá uair sa bhlian a bhíodh a leithéid as siúl, i Mí Aibreán agus i Meán Fomhair. Níl aon treó ach an méid acrainn agus troda a bhíodh ar siúl ann toisc an beóir agus an t-uisce beatha a bheith comh saor an uair sin. Do bheadh dream de Na Carabhat agus an Sean-Bheist i gcochail a chéile i gcónaí ann. Téigeadh dream daoine go dtí na h-amtuighthe siúd d'aon gnó ar lorg troda agus bata droighin dubh i lár a ghlaice agus gach fear aca. Do bhí daoine darbh ann an 'Cuircín Balbh' mar daoine díobh san agus ní taithneóchadh aon lá aonaigh leis ná beadh babhta troda aige.
An lá seo do bhuail duine leis ar an aonach agus chuir sé ceist air conas a raibh an lá ag éirí leis?
"Go dona" arsan Cuircín "Tá sé a haon a chlog déag agus níor bhuaileadh aon buile fós".