School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
- Location:
- Newtown, Co. Waterford
- Teacher: Muiris Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Idir na bailtí móra Dungarbhán agus Cill Mhic Thomáis agus leath-bhealaigh idir an farraige agus Sléibhte an Chomairig atá suite an charraig iontach san ar a dtugtar Cloch Labhrais. In áit iarcúltha atá sé suite ar phort abhainn agus do réir béaloideas na sean-daoine 'sé an scéal seo leanas a n-innisítear go minic a chuireann in iúil dúinn brí ainm na cloice.
Níltear deimhneach ar an dtráth aimsire ar a thit a leithéid de scéal amach ach do réir tuairim na ndaoine ba fhada siar é. Déirigh earaontas idir beirt bhan mar gheall ar chóir a chuireadh i leith pir do mnan díobh. Ní raibh cóir ba mheasa dá gcuirtí i leith fear de chine gaedhil an uair sin ná ó shoin i leith ná go mbeadh sé cionntach smál do chur ar ainm chailín. Dúirt an fear seo ina choinne agus ní nach ionadh go raibh faobhar agus buille air más rud é gur mí-cionntac é. Bhí sé mar nós ag muintir den tsean-aimsir ceist achrannach mar sin do chur thar bhrághaidh an sagart paróiste chun a bhfeitheamh do thabhairt air. Go moc ar maidin Airithe do ghluais an chuideachta fé dhéin an tséipéil an áit a bheadh an sagart ag fanacht leo.(continues on next page)