School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín

Location:
Newtown, Co. Waterford
Teacher:
Muiris Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 87

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0648, Page 87

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Coill Mhic Thomáisín
  2. XML Page 87
  3. XML “Ainmneacha Droichead san Dúthaigh agus an Brí atá leo”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Áth an Trioscair :- Seo droichead beag atá gairid do cheanntair Cuitín. Deireann na sean-daoine fén dúthaigh go mbíodh alán feirmeoirí ag breath trioscair ón dtráigh fadó chun é do scaipeadh mar aoileach ar an dtalamh. Bíodh ualaigh móra troma ar na capaill aca agus caithidís cuid díobh do caitheamh den trucaillibh ag an droichead seo mar ní bhfaigheadh na capaill na h-ualaigh do breith suas ar cnoc. Sin mar do shíolraigh an t-ainm sin air.
    Áth na Cappa :- Tá an droichead suite idir dá phortach agus do réir tuairim na sean-daoine sé an brí atá leis an focal cappa ná pórtach.
    Droichead an Fhigeadóra :- Thar an Abha Tae atá sé seo i gCaisleáin an tSionnaigh ar an mbóthar go Sráidbhaile. Bhí tig figheadóra taobh leis agus is cuimhin le muintir an paróiste a leithéad a bheith ann agus a ceapadh ágh cleachtadh aige. Tháinigh póilín i mullach ar lá agus é ag marbhú bradáin san abhainn taobh lena tigh. Bhí fineál trom ag dul len a leithéid de chóir agat as go bráth leis go dtí Sasana Nua chun éalú ón dlí. Tá fothrac tighe an figheadóra le feiscint fós ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Newtown, Co. Waterford