School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Tomás Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 510

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 510

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 510
  3. XML “Comharthaí na hAimsire - Ón Spéir, An Ghaoth, Na hÉanlaithe, Na hAinmhithe, An Nádúr, Ceo Bóthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    garbh.

    NA h-AINMHIDHTHE
    Nuair a bhíonn an cat ag nigheadh a aghaidh agus ag crónán agus nuair a bhíonn a dhrom leis an dteine sin comhartha droch-aimsire. Nuair a bhíonn an criogar ag cantain go géar sin comhartha báístighe. Nuair a bhíonn na h-éísc ag léímridh san uisge agus ag ithe na mbeach sin comhartha tóirnighe agus tinntrighe. Nuair a gheibheann an madra píosa feóla agus nuair a théigheannsé amach sa pháirc chun é d'ithe sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na muca ag gnúsachtaigh bíónn báisteach in-a dhiaidh sin. Nuair a thagann an gabhar abhaile sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na beacha ag piocadh na mbeithidheach sin comhartha báistighe.

    AN NÁDÚIR
    Nuair a chímíd na sléibhte in-aice linn sin comhartha báistighe. Nuair a chímíd solas gorm istigh sa teine beidh báisteach ann. Nuair a bhíonn an t-úrlár fliuch sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn sugha ag tuitim sin comhartha báístighe. Nuair a bhíonn an taoide garbh beidh an aimsear fliuch agus storimeach. Nuair a bhíonn tuille sa bhfairrghe sin comhartha stoirme.

    CEO BÓTHAIR
    Nuair a bhíonn ceó bóthar ag éírghe ó'n mbóthar sin comhartha báistighe agus gaoth árd. Nuair a bhíonn deatach ag casadh anuas beidh fearthainn ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Breandán Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Informant
    Seán P. Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Quilty, Co. Clare