School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)

Location:
Mullagh, Co. Clare
Teacher:
Tomás Ó Conaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 599

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 599

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Page 599
  3. XML “The Giant and the Dwarf”
  4. XML “Leipreacháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is mó sgéal greannmhar a bhí le cloisint sa tsean-aimsir mar gheall ar an leipreachán. Chreid na sean-daoine dá bhfaighidís greim ar an leipreachán go bhfaighidís pota óir agus sin é an fáth go mbídís ar a thóir.
    Bhí leipreachán in-a chomhnuidhe in-aice le Sliabh Calláin. Tháinig fear treasna air uair amháin agus é ag obair thuas i gcrann mór agus peidhre bróg ar crochadh ó gach géag de'n chrann aige.
    "Tá tú agam anois" ars an fear. "Is fada bhíos id' lorg agus caithfidh tú peidhre bróg nua a thabhairt dom."
    "Dá dtugainn peidhre bróg duit-se agus do ghach duine dá bhfuil id'dhiaidh bheinn féin gan peidhre bróg" arsa an leipreachán.
    D'fhéach an fear siar thar a ghualainn agus ní fheaca sé duine in-a dhiaidh. Nuair a thug sé aghaidh ar an gcrann arís ní raibh leipreachán ná bróga le feiscint aige agus b'éigin do imtheacht abhaile leis na sean-bróga a bhí air roimhe sin.
    Deir na sean-daoine go mbíonn an leipreachán i bhfeighil a chuid oibre go h-an-cruaidh lá Bealtaine agus dá brígh sin théigheadh na sean-daoine á lorg an lá sin.
    (ó Bhean T. Uí Bhriain, Seandrom, Coillte)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Informant
    Bean T. Uí Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    85
    Address
    Shandrum, Co. Clare