School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Page 509
- XML “Comharthaí na hAimsire - Ón Spéir, An Ghaoth, Na hÉanlaithe, Na hAinmhithe, An Nádúr, Ceo Bóthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó'N SPÉIRNuair a théigheann grian dearg fé beidh an aimsear go breágh agus nuair a téigheann grian bán fé beidh droch-aimsear ann. Nuair a bhíonn ciorcal mór mór-thimcheall na gealaighe beidh báisteach ann agus nuair a bhíonn ciorcal beag mór-thimcheall na gealaighe beidh ceó ann. Nuair ná bhíónn acht beagán réalta le feiscint sa spéir sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na sgamaill bán agus liath beidh aimsear bhreágh ag teacht agus nuair a bhíonn na sgamaill dubh, dorcha beidh báisteach ann. Nuair a bhíonn bogha báistighe sa spéir ar maidin beidh báisteach ann, agus nuair a bhíonn bogha báistighe sa spéir um thráthnóna beidh an aimsear go breágh.
AN GHAOTHNuair a shéideann an gaoth ó'n dtaobh tiar bíonn báisteach gairid dúinn. An ghaoth adtuaidh bíonn sí cruaidh agus cuireann sí fuacht ar dhaoinibh agus beireann sí sioc agus sneachta léi. An ghaoth anoir bíonn sí tirm agus tagann sioc léi de ghnáth. An ghaoth andeas bíonn sí tais agus cuireann sí rath ar shíoltaibh. Nuair a bhíonn na sgamaill ag imtheacht go tapaidh sin comhartha stoirme.
NÁ h-ÉANLAITHNuair a bhíonn na fáinleóga ag eitealt ós íseal sin comhartha báistighe. Nuair a thagann na faoileáin isteach fé'n dtír beidh an aimsir(continues on next page)- Collector
- Breandán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Informant
- Seán P. Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Quilty, Co. Clare