Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. Clare
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Cruaiche (ar lean)
“Ar maidin Dia Sathairn is mé in leabadh luighe shuan”
(ar lean ón leathanach roimhe)212
Do ghabh me mo chapall agus níor dhein me failighe:
Do fuaras an rópa agus péire gárdaí,
Agus do luasas ar lom cos i n-airde. V1
Ní raibh annsúd romham acht seanfheara gan bhrígh,
A raibh casachtach cruaidh ortha agus Duairc ar a gcroí
Go mb'feara duit go mor iad do chaitheamh as do shlighe
Ná a ainm a bheith orthu le h-áireamh.
V11
Ba rófhuirist a aithint agus se dubhairt a lán
Nuair a tháinig Conchubhar ÓCaramda 's a chapaillín bán
Go mba cruaich a bheadh slachtmhar ó bhun go barr
mar is fear é a raibh tuisgsint in a ghnó aige. V111
Bhí ciall agus éifeacht le fághail ina chainnt
Agus fonn an mhéid fada de phaiste do scríobh
Ba chuideachta bréagh taome chun dul chun an tighe
Sníorbh 'fhada leat scéal do bheith in adh leis. 1X
Tháinig cúigear nó seisear dd scafairí groidhe ,
Is tapaidh do raghaidís de léim duit ar chlaidhe,
Chaitheadar féar suas is níor ba ortha an mhoill,
Is annsa iseadh fuair sí treasála.(leanann ar an chéad leathanach eile)