School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)

Location:
Mountcollins, Co. Limerick
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Page 106
  3. XML “Scéal an Asail”
  4. XML “Scéal na Deilge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    trí áit ar a dtugtar Tuar-na-Fola do chuir duine droch-inntineach na madraí ar a thóir. Do gonadh an t-asal agus d'fhág sé rian a chuid fola in-a-dhiaidh fan an chnuic. Sin é an fáth gur tugadh " Tuar-na-Fola " ar an áit. Do chuaidh an t-asal agus na madraí ar a thóir, soir ó thuaidh agus dhein an t-asal iarracht ar dhul treasna na h-abhann ( Eallachán ) D'éirigh leis acht dhág sé rian a chois ar an gcarraigh, agus táid le feisgint ann fós mar chomhartha ar an gcomhacht neamh-shaoghalta a bhí ag Naomh Íde
    Ar shroisint Cluain Creidhiúil do'n asal do chonnaic Naoimh Íde an crot a bhí air, agus chuir sí a mallacht ar an áit in ar réabadh é. Tá fothrach sean-cille le feisgint fós i bparóiste " Tuar na Fola " ar a dtugadh " Cill Cnuic na Mallachta " acht tá an ainm imthighthe ar chuimhne na ndaoine anois ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Lá eile bhí an t-asal ag dul idir an dá áit nuair do chuaidh dealg isteach in a chois. Tharraing Naomh Íde an dealg amach agus chuir sí 'san dtalamh í. D'fhág sí go raibh sí in a crann mór agus bhí gach dealg iompuighthe anuas i dtreó na talmhan. Bhí an crann sin le feisgint i gCill Íde suas le trí nó ceathair de bhliadhaintibh ó shoin. Annsan d'fheóig sé.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish