School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)

Location:
Mountcollins, Co. Limerick
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Page 004
  3. XML “Breanach Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Mo ghrádh, mo Mháirín do gheall sí stát dom
    Céad sa ráith nó míle bó
    Acht foiríor cráidhte, ní raibh siúd i ndán dom
    Is d'fhágas-sa Máire ag sileadh deor.
    Dá bhfaighinn im' láimh í rachainn go Cill Áirne
    Ag ceannach láir dheas dom' mhíle stór
    Fuip naoi bhfáinne srian im láimh dheis
    Diallait áluinn fé na (teassals) óir.
    Maidin drúchtaigh 'ge tig tábhairne an Bhuarcaigh
    Mo ghasra súgach lem ais ag ól
    Tháinig chugham-sa andeas thar tríúchaibh
    Sgéal púnt agus cúilfhionn óg.
    Leogfad teachtaireacht go páirse daingin leat
    Go gleanntán ceathrar fé na sgéala cróin
    Andeas ón gcathair mar a mbeidh Rás na gCapall
    Ag tighearnaí allmhuire 'gus fathaimh óir.
    Beidh tighearnaí allmhuire, tighearnaí Shasana
    Agus Captaoin _____ is a long fé sheól
    An cléireach ag seasamh, 'sé ag scrí ar mheamram
    'Sé ag déanamh seanachais ar an mbuachaill óg.
    Fuair é seo ó Mháire Carmody Leaca Bán anso - 80
    A.O.H
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Carmody
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Lackabane, Co. Kerry