School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 164
  3. XML “Ag Lorg na Fallainge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Píosa bréide do bhí caillte agus dubhairt a bhean le Pól dul á lorg. Sean-fear bocht go raibh trí fichid blian agus níos mó slán aige dob'eadh Pól agus cheap sé go mbfearra dho fanamhaint sa bhaile go dtiocfadh sé pínsin 'nuair do bheadh sé neamhspleadhach agus 'nuair do bheadh cead a chos aige dul a'lorg na falainge.
    'Nuair d'iarr a bhean air dul d'fhreagair sé í mar seo:
    1.
    "Táimse trom caithte ná meidhreach chun reatha
    Chun dul ar thuairisc na falainge díribh
    T'r'om spás ar feadh tamaill is fág me sa bhaile
    Mo chroidhe Mháire go dtiochfad chun pínsin.
    2.
    An pínsean 'nuair a thiocfaidh geóbhaidh Diarmuid is mise
    Síos chun na Reanna d'á h-éileamh
    Mar a thagaid no loingeasa ar chiúnas ar foithin
    Nuair a shéideann sé fearthainn as spéiribh."
    Dhein Pól mar adubhairt agus 'sna bhearsaí seo thíos tugann cúntas dúinn ar na h-eachtrí do bhain sa turas.
    3.
    Preabam ar bórd is crochaimíd seól. ní stadfam' go Cuan Goidéara
    A tuairisc a cuirfeam' ar oifigí custuim
    Agus gheóbhaimíd an fhalaing má's féidir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ó Dúbhgáin
    Gender
    Male
    Address
    Dunnycove, Co. Cork