Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ardfield, Co. Cork
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Aisling”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    5
    D'fhiosruigheas do'n spéir-mhnaoi goidé an ghaoth as gur sheólais
    An tú an í-bhean nó an déid-bhean dá ghéire faoi cheó-bhruid
    Nó an fíor gur tusa Céarnait do chuir na tréan muillne ar sheól
    Nó Díonaictéana do bhí tréith-lag gan treo?
    6
    Nó an tú an bhean do león' na Fianna Fiadhain nó an bhean do eag Mac Airt le draoidheacht.
    Nó an béab gur traochadh éachta Chonaill dá géire fí cheó-smacht
    Nó an fíor gur tú an ,lánait dob' aille is ba ghile chroidhe
    Nó an dian-bhruinneal d'fhág Inis Fáile faoi bhrón.
    7
    D'fhreagair sí go séidh me de bhréithre ceart 'na ghleó-ghuil
    Ní bean de'n aicme i n-ao chor cé fur léan liom bhúr sórd
    Ach is bean le fada i bpéin me gan céile agam gan congh'-lucht
    Im' bhrúghadh creaime ag búiribh im' bhrúghadh 'gus im' chrádhadh.
    8
    Is mise Éire shean a'teacht ad' líon le scéalta gearea geallaim dhíbh
    Go ndéanfad maith do Chlanna Gaoidhil, atá im' éileamh is im' dheóigh
    Do'n tréan eile b'aoirde do léiri' de shliocht Chaisil Chuinn
    Ach líontar gloine tímcheall, sin críoch mo scéal.
    Seán Llóid
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dunowen, Co. Cork