Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Fios na bhFrancach”
  4. XML “Scéilín ina dTaobh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iongantach an fios a bhíonn ag na francachaibh. Deireann sean-daoine na fairrge nár cailleadh aon ártach riamh agus franncaigh istigh ann. Dá mbeadh íi le cailleamhaint sa turas d'fhágfadh siad í sar a bhfágfadh si a'cuan. Deireann na seana-mhianadóiri a'rud ceadna. Má tá tionóisc le tuitim amach thíos fé thalamh tiochfaidh na franncaigh go léir suas roim ré.
    Ta sean-mhianach sa bhaile seo i nDúinín agus do thuit matalong éigin amach ann tímcheall deich mbliadhna is fichid ó shoin. Bíodh sé lán de fhranncacaibh i gcómhnuidhe ach tráthnóna na h-oidhche sin fachathas iad na mílte acha ar dhruim a'tailimh. D'imthig fuireann na h-oidhche síos agus ní rabhadar thios i bhfad, nuair do bhí tuitim-chriadh ann agus gur marbhuigheadh triúr acha. Go ndeinidh Dia trócaire ar a n-anamnachaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí
  2. Bhí bean i mBaile Caisleáin fadó ó shoin agus do bhí sí ithte cráidhte ag sluagh mór franncach tímcheall uirthe ga' h-aon lá.
    Tharla gur ghaibh fear siubhail a'treó agus d'innis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.