Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)

Suíomh:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Donnabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0316, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Rabhadh a' Choiligh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt ar a'mbaile seo gur éirigh i lár na h-oidhce chun dul a'cuardach raice tamall maith ó shoin. o bhíodar á ullmhú féinig chun dul amach 'nuair do ghlaoidh an coileach. Nior 'na shuidhe ós cionn a'dhorais. Ní rabhadar ceapaithe chun gheilleadh dho agus do ghlaoidh sé airís. Ar a tríú glaodhach do tógadh an coileach ón t-suidheachán agus do dhuaileadh fé bhun a'dorais íadhta é agus do marbhuigheadh é láthair bonn. Tháinig eagla ortha araon annsan agus ní dheaghadar a'cuardach ao'raice an oídhche sin agus is dócha go deimhin nár mheasade iad é mar tá sé ráidhte agus credithe san áit seo riamh dá nglaodhfadh an coileach le linn uaire marbhtha na h-oídhche go mbeadh sé a'tuar uild di dhuine éigin agus gur cheart a bheadh á déanamh ? agat a leagaint gan déanamh.
    Bhí beirt fhear eile san áit seo a'dul a'chuardach raice oidhche eile agus do ghlaodh an coileach ar a'gchuma gceadhna.
    Dubhairt fear acha fanamhaint istig ach ní an fear eile sásta.
    Chuadar araon chun na thágha agus sa t-slighe dóibh do connachadar rómpa amach ar a'mbóthar maidirín beag bán.
    Do thug sé fé dhuine acha ach do choimeád sé uaidh é le maide a bhí 'na lámh aige. Stad sé t-réis tamaill is do chuadar roimis amach is do chuadar chunna trégha. Ní bhfuaireadar phioc is d'fhilleadar abhaile airís. Air theacht go dtí a'spota ceadhna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Fínn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí