Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4
Chuaidh buachaillí a’baile seo ag aeridheacht ao’lá,
Ag aeridheacht go Rínn ó bhí an Domhnach go breágh.
D’fhágadar ar a’gcé í gan aoinne ‘na cúram,
Agus dealramh laidhtéir uirthi agus í a’réabadh na srúile.
5
Bhí áinleoirí go fluirseach an lá san sa tráig,
Níos stadadar choidhche chun gur dheineadar raic de Shiobhán,
Agus is é Tade a’Bhóthair ar gchomharsa breágh aoibhinn,
D’fháisgh suas le córdaí í féich’ a sheolfadh sí airís dúinn.
6
Ní déarfainn-sé a’méid seo mar tréason a lán,
Mar d’fhág siad ar a’méis mé is mo dorae agam lá breágh.
D’fhág siad ar a’méis me gan aoinne beo im’ thímcheall,
Ach madraí ruadh na h-Éireann am’bhéicheadh is im’chaoineadh.- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí