Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí straidhin is fuadar pósadh fé a'faire ar mo dhifúir-sa
Is go deimhin ba bheag a'mhaith dó san an seana-spailpín tabharta.Uair dá raibh bád le cómharsain a'dul ag iascaireacht bhí Séaninín a'faire ortha go h-éadmhar, mar ní raibh ao'sheilbh aige féin ar a'mbád. D'iarr sé ortha é leagant amach leó ach, toisg go raibh an iomad innte cheada féin, chaitheadar é eiteach.
Do shuidh sé ar a'gcarraig t'réis iad do dhul amach agus dhein sé a't-amhrán so ag magadh fútha is a mbád:1.
'Sé "Briganzi" a'captaen is leigeannta sa taoide seo,
Is aige atá an "navigation" ar Éirinn mór thímceall
Tá an bád aige is néata ó Cheann Chléire go "Sweden,"
Agus criú breágh máirnéalach chun a "main sail" a shíneadh.
2
'Sé Séamus a' stiúbhard is bríoghmhar le fagháil,
Agus is é atá go sníomhta ó bheith'plé le Siobhán
Mar Oscur na Féinne ba thréine ansan gceanntar,
Ní iomróchadh féin í, múra bhfuigheadh os na' guailnibh.
3
Go deimhin a dhaoine mhuinteardha do mhilleadh sí a saoghal.
"Regiment" daoine ní chuirfeadh chun cinn í tri gaoith.
Tá criú innte féinig chómh traochta le caoraig,
Agus crann agus seól do chuirfeadh náire ar na daoine.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí