School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá lios i nDún Eoghain. Tá ceann eile i gCeathrú Leasa agus tá ceann eile i Lios Dubh.
Bhíodar san lán de phúcaí insa t-sean-aimsir. Bhí ceann ortha do chómhnuigheadh i lios Dubh go dtugtaí Cnap a'leasa air.
Maidin áirithe bhí fear ó'n áit seo ag iascach le slat sa charraig go lán moch ar maidin. Ar amharc dár thug sé amach sa bhfairrge do chonnaic sé rud éigin a'déanamh air agus uisge aige á chur san aer le neart coisidheachta. Níorbh fhada go bhfaca sé níos soléire é mar ní raibh sé ibhfad a'teacht giorrachta, agus cad a bheadh ann ach fear agus capall.
Tháinig sé anáirde ar a'gcarraig agus do labhair sé mar seo leis an iascaire. "Éirigh anáirde ar a'gcapall sa agus téidh suas go lios Dubh agus fiafhruigh de Cnap a'leasa cathain a rachaidh Dromaniar go flaitheas Dé agus tar fúmsa gan mhoill le freagra.
Bhead-sa ag iascach duit annso faid a bheir ar 'dturas"
Chuaidh sé anáirde ar a' gcapall agus níor dhein cú riamh indhiaidh ghiorrfhiaidh chómh luath is do chuaidh an capall suas go lis Dubh. Do stad a'capall uaidh féinig is do ghlaodh an marcach amach ar Chnap a'leasa. Do chaith sé glaodhach trí h-uaire air sar ar ghéill sé dhó. "Bhíos ag iascach thíos annsan ó chuanaibh", ar seisean le Cnap "agus do tháinig(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork