School: Clanna Caoilte (B.) (roll number 12286)

Location:
Clonakilty, Co. Cork
Teacher:
Ss. Ó Síthe

Filter stories

Back
/ 265 Forward
Resolution: Low | High
Clanna Caoilte (B.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0311, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

rann le sin. Arsan File "Muillean i lár na h-abhann, "Sé sgilige thall is a bhfus. Ní raibh an sprid sásta fós agus ar seisean arís
"Coinneal is Coinnleóir ann, Is cuir-se leath-rann le sin." Arsan File annsan "Dá raghfá go Flathas Dé in amh, Ní bheifeá id smamhailt annso." Le sin d'imthigh an sprid as radharc fé mar a shloigfeadh an talamh é agus ní fhacathas ann ó shoin é.

Lá dá raibh an Mhaighdean Mhuire ag teastal an bhóthair, bhí an leanbh Beannuighthe aice sa bhrat ar a drom. Bhí uirthi a lámh á choimeád nuair a tháinig siolla gaoithe á shéid an brat dí. Thóg sí an brat suas agus thosnuig sí ag lorg an dealaigh-bhrághad a bhí á choimeád agus chuaidh dí air é d'fhagháil. De dheasgaibh sin bhí uirthi a lámh a choimeád ar a éadan.
Chuir sí dí acht ní raibh an gaoth á maolughadh. Bhí sí ag gabháil

(continues on next page)
Informant
Mr John Keohane
Gender
male
Address
Bealad East, Co. Cork
Language
Irish