School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
- XML Page 204
- XML “An Giorria Draíochta”
- XML “Séamus Ó Cathaláin - File”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go maith os cionn fiche míle thar sliabh 's riasc. Bé an fiadhach ba thréine dá bhfeaca-sa riamh. Muinntir "Galway" ó'n Sliabh shoir a bhí na mbun san. Bhí gadhair ar firac ar fuaid an bhaile ar feadh seachtmhaine 'na dhiaidh san.
- Séamus Ó Cathaláin, file.
Ó'n Léim do beadh Séamus. File a beadh é agus is dóca go raibh sé chómh maith le h-aon ceann acu. Níor bhuaidh aoinne riamh air ach aon bhean amháin. Bhíodh sé ag déanamh boscaod. Do thug sí adhbhar boscaoid de shlataibh chuige agus chaith sí ar an úrlár iad, agus d'fhéach sé ortha."A" adubhairt sé" ní dhéanfadh drochadhbarach droch-mhuc."A" adubhairt a' bean "do thabharfadh beatha maith suas í"
San droch-shaoghal ní raibh aon rud aige le n-ithe, agus d'iompuig sé leis an Ministir, agus do thug an Ministir fuighleach soup agus feóla annsan do.
Well, nuair a chuaidh an saoghal i bhfeabhas annsan d'iompuig sé tar-nais agus thíos san séipéal thíos annsan a iompuigheadh thar n-ais airís é.
Do chúm an Cathalánach "buachaill bán"dá cuid féin.Bhí go leór bhéarsaí ann. Is minic chuala mo mháthair a chanadh agus í ag imtheacht léi féin ar fuaida'tighe. Bhí a lán de agam féin uair amháin leis.Ní cuimhin liom ach an méid seo anois.
"Clann na féile ó Tulla Naosga
Thug belt's baenet d'o'n bhuachaill bán,(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male