School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)
- Location:
- Kilmacabea, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'S rádh gach aoinne gur thug sé an "sway" leis
Ó Chonndae an Chláir"
B'shin an deire a bhi le gach bhéarsa " Is fearr preabán na poll"
Bhí buachaill ann, agus bhí sé ag cur píosa ar a bhríste agus bhi an sean-fhile sa chúinne ag faire air le linn do bheith á chur suas. Nuair a bhí an píosa curtha air aige dubhairt an sean duine leis. "A a pháirte" adubhairt sé:-
Is fearr preabán ná poll
Is fearr lom ná léan
Is fearr baidhreán ná bainne reamhar
'Ná dul un tigh a' domhain dá mhéid.
lom= fear na beathaidh; léan = fear marbh; baidhreán i. deoch ana lag a deintear a' plúr is dóigh leo, é fein agus an bainne reamhar an dá deoch is laige atá le fagháil.
Maidir leis an "mbuachaill bán" a cúm an Cathalánach níor innseas duit iné an fáth bhi leis. B'as Conndae an Chláir muinntir a' Major agus bhí talamh acu chómh maith in aice na Conanaighe. Bhí gabháltas beag tailimh ag an gCathalánach uatha annsan. Gach aon bhlian thagadh muinntir a' Major agus bhídis ag fobhailéaracht sa choill. Bhí an Cathalánach,beo, bocht tráth agus do cheap sé(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donnabháin
- Gender
- Male