School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Kilmacabea, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 200
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeóir ann uair amháin agus tháinig an bás chuige lá agus dubhairt leis ná raibh na raibh ach bliadhan eile gearrtha amach do agus d'imtig sé an bhóthar arís.
    Thuit an lug ar an lag ag an bhfeirmeóir agus cheap sé gur mhaith an rud biadh do sholáthar do féin i gcoir na bliana.
    Dimthig sé agus socruigh sé cliathán cnuic chun garraidhe do chur ann, agus níor chuir de chliadhe timcheall air ach scailpeanna go raibh rathineach ag fás ortha agus gan puinn aca ann leis.
    D'fás an garraidhe agus d'fhás an rathineach agus bhí iongnadh mór ar na chómharsanaibh go léir cad na thaobh gur claidhe mar sin gan mhaith do chuir an feirimeóir timcheall a' garraidhe agus d'iarr duine acu air cad na thaobh gur chuir se claide mar sin Yerra a mhic ars an feirmeóir deanfaidh an rathineach an gnoth go maith. Tá foithin a dhóithin ag an garraidhe mar atá sé agus nuair ná fuil ach an blian seo agam le maireachtain nach cuma liom cad do deanfaidh an saoghal im dhiaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilmacabea, Co. Cork