School: Cill Mhic Abaidh, An Léim (roll number 11245)

Location:
Kilmacabea, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mhic Abaidh, An Léim
  2. XML Page 203
  3. XML “An Giorria Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cúig gadhair roimis amach. Bhí an cuid eile dhíóbh buailte amach. Siar fan an bhóthair a bhí na h-uaisle eile ag dul, ach do lean an fiadhaidhte díreach ar thóír an madra ruaidh an t-am ar fad. Nuair a tháínig sé aníos chugham d'fhiafhruig sé díom a bhfaca an seana bhuachaill agus dubhras leis go raibh sé thíos ag an gcabhlach thíos um an dtaca san. As go bráth leis airís thar claidhteacha agus carraigeacha nuair chualadh sé an méid sin. Do chonnaic thíos in aice leis an gcabhlach é, agus thóg sé an bhóíthrín 'sa dhá claidhe d'aon leím amháin. Pé scéul é soir ó thuaidh i dtreo Loch a' Dubhluig a imthig an madra ruadh. Nuair a tháínig sé chómh fada leis an loc isteach leis ann agus lean ag snámh gur shrois a bruach thall. Aon ghadhar amháin a bhí fágtha sa tóir um an dtaca so agus do chaill sé siúd an tuairisg mar a chuaidh an ropaire isteach sa loch. Béigin don bhfiadhaidhe é glaodhach tímcheall agus é thabhairt do airis ar an mbruach thall. Pé scéul é suas ó thuaidh thar Cnoc a' Chéim Mhóir leis agus an t-aon gadhar amháin 's an fiadhaidhe ar a thóir fós agus nuair a chuadar thar a' gcnoc cailleas-sa an radharc a bhí agam ortha ó Coill na Conanaighe anall agus treasna, agus n'feaca a thuille iad. Chuala gur lean an madra ruadh air agus um theacht na h-oíche, nár stad sé go deo gur ealuig sé uatha san doircadas isteach i gcoill na h-Uadaighe in aice leis an Sgibrín. B'shin fiadhach dhuit a bhuacaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donnabháin
    Gender
    Male
    Informant
    Partalán Ó Duibhir
    Gender
    Male
    Age
    77
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilmacabea, Co. Cork