School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)

Location:
Dromclogh, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 367

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 367

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Page 367
  3. XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. - Domhnall (Fada) Ó Súilleabháin, Gleann Créadhach

    Lá amháin do chuir an Gobán Saor a mhac go dtí an margadh chun croiceann caorach do dhíol, agus dubhairt sé leis "an Croiceann caorach do dhíol, agus dubhairt sé leis "an Croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. Do chuaidh an mac go dtí an margadh agus sa tslighe dhó do casadh cailín air agus d'fhiafruigh sí dhe cad é an luach a bhí ar an gcroiceann. D'fhreagair seisean go ndubhairt a athair leis "an croiceann is a luach do bhreith abhaile leis.
    "Ní chasfaidh aoinne ort a thabharfaidh é sin duit" arsa an cailín.
    Ansan do chuaidh an mac abhaile agus d'innis sé scéal d'á athair - gur casadh cailín air agus go ndubhairt sí leis ná fuigheadh sé '"an croiceann is a luach" ó aoinne.
    Lá 'r na mhárach do chuir an t-athair an mac go dtí an margadh airís agus dubhairt leis "an croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. Do chuaidh an mac go dtí an margadh airís agus sa tslighe dhó do casadh cailín eile air agus d'fhiafruigh sí dhe cad é an luach a bhí ar an gcroiceann. D'fhreagair an mac go ndubhairt an t-athair leis "an croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. "Tá go maith," arsa an cailín. Do thóg sí an croiceann uaidh agus do pioc sí an olann de. Ansan do thug sí an croiceann ar ais dó agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Glanareagh, Co. Cork