School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)

Location:
Dromclogh, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 334

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 334

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Page 334
  3. XML “Diarmuid Mear”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na ceudta blian ó shoin bhí fear timcheall na h-áite seo darbh ainm do Diarmuid Mear. Bé an chéard a bhí age ná ag déanamh criathar de gheatairí. Do dheineadh sé na geatairí do loma, do bheiriú agus do scoilteadh agus annsan bhídís go breagh ríghin. Nuair a bhíodh dorn maith deunta aige síos go Luimneach leis a ndíol. Bhí air ámhthach permit fhághail ar dtúis ó Domhnall Cam a bhí na chómhnuidhe siar i mBearra. Scilling luach an permit.
    D'éirigh sé go moch maidin chun dul ag lorg an permit. Ag gábhail siar thar Dairithín Dhiarmuda áit éigin idir Eadargóil agus Dunbaoi bhuail duine darbh ainm Seabhróch Ua Donnchadha uime . Réice gan áird ab eadh Seabhróch. Ana fhile ab eadh é dar leis féin. Nuair innis Diarmuid do cá raibh a thriall dubhairt Seabhróch leis gur bé féin Secretary Domhnail Chaim agus go dtabharfadh sé féin an permit do ar cúig pinghin. Bhí fhios ag Seabhróch ná raibh aon léigheann ag Diarmuid.
    Seo é an permit a scríobh sé:
    Permit ceart do Diarmuid Mear is é ag dul go Luimneach le ualach criathar a dhein sé a thógaint i gcoillthibh ceoig De gheatairí mór de chuillean óg.
    I Ros Mhic Eoin do cheannuigh sé a bhóthar ar cúig pinghin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
      2. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    3. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. O'Sullivan Beare (~30)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Ceocháin
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Farranfadda, Co. Cork