School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)
- Location:
- Dromclogh, Co. Cork
- Teacher: Riobárd Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Page 368
- XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)roinnt airgid leis le díol as an olainn.Ansan do thug sé an croiceann agus an t-airgead ar ais go dí a athair. "Seo é an 'croiceann is a luach' duit" ar seisean leis an athair.
D'fhiafruigh an t-athair de an aithneochadh sé an cailín a thug an croiceann agus an t-airgead dó agus d'fhregaair an mach go n-aitheochadh.
"Téighir láithreach agus pós í, mar eadh," ars an t-athair. Do chuaidh an mac agus do phós sé an cailín agus tháinig sé féín agus a bhean ar ais chun comhnuidhe leis an athair.
AN FÁTH GO N-ÚSÁIDEANN SAOR DRÓAon lá amháin bhí an Gobán Saor agus a mhac ag tógaint falla. Ní rabhadar i ndán an falla do thógaint díreach. Tháinig bean an mhic amach agus í ag cniotáil. Bhí sí ag féachaint ar an obair ar feadh tamaill agus chonnaic sí ná raibh na fir ag déanamh na h-oibre i gceart. Do chuaidh sí anonn go dtí an falla agus do chuir sí an snáithe a bhí in a láimh aici fan an fhalla. Ansan chonnaic an Gobán Saor agus a mhac cá raibh an locht ar a gcuid oibre. Ón lá sin anuas úsáideann gach saor dró chun an falla a choiméád díreach.
BÁS AN MHICAn Gobán Saor agus a mhac a thóg Cloigtheach Sheandúin i gCorcaigh. Lá amháin dubhairt an(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Glanareagh, Co. Cork